Gaelbhratach
Buail lenár gcoiste Gaelbhratach 2025/26
Is scoil Ghaelbhratach muid agus tá grá againn don Ghaeilge. Bíonn Lá Ghaeilge againn gach Céadaoin, agus labhraímid Gaeilge i rith an lae. Labhraímid Gaeilge sa seomra ranga, sa chlós agus timpeall na scoile. Bíonn gach duine páirteach ann.
Tá Coiste Gaelbhratach againn a spreagann gach duine an Ghaeilge a úsáid gach lá. Táimid bródúil as ár teanga agus ár mbratach Ghaelbhratach agus déanaimid ár ndícheall an Ghaeilge a choinneáil beo sa scoil.
Fáiltíonn baill de choiste an Ghaelbhratach roimh na daltaí sa chlós ar maidin.
Bíonn siad ann gach maidin chun beannú do na scoláirí agus chun atmaisféar cairdiúil Gaelach a chruthú sa scoil. Tugann siad tús maith don lá do gach duine sa scoil.